Gaeilge | English

gaelphobal.com

Naíscoil an tSratha Báin

 

Beatha agus Sláinte, agus go raibh céad maith agat as suim a chur i Naíscoil an tSratha Báin. Tá súil againn go bhfaighidh tú buneolas cuidiúil ar an leathanach seo maidir le naíscolaíocht ar An Srath Bán. Más tuismitheoir thú, ná bíodh leisc ar bith ort dul i dteagmháil le foireann na Naíscoile chun aon eolas breise atá de dhíth ort a fháil.

 

Osclaíodh Naíscoil an tSratha Báin, an chéad naíscoil lánGhaeilge i dTír Eoghain, i mí Mheán Fómhair 1994 faoi choimirce Chraobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge. Bhí an naíscoil suite ar Shráid na Beairice go dtí an bhliain 2000, nuair a chuir Gaelphobal foirgneamh úr ar fáil don Naíscoil ar thalamh a fuarthas ón Chomhairle Ceantair in Eastát Bhaile Cholmáin. Tugann an Naíscoil deis do pháistí óga ó gach pobal an Ghaeilge a thógáil go nádúrtha. Léiríonn taighde atá déanta ar an oideachas dhátheangach go mbíonn na buntáistí seo a leanas ag baint leis an dátheangachas: Sileanna cumarsáide sa dá theanga :

 

- Tuiscint ar theangacha go ginearálta

- Tógáil teanga eile (atá riachtanach sa mheánscoil)

- Leibheál líofachta sa Ghaeilge nach bhfaighfidís níos moille ina saol.

 

Cuspóirí Is iad cuspóirí oideachasúla Naíscoil an tSratha Báin ná

 

- tSuíomh slán sábháilte a chur ar fáil ina dtig forbairt fhisiciúil, shóisialta, intinneach agus intleachtúil gach páiste a chothú trí shúgradh agus spraoi

- Buneolas agus bunfhoclóir na Gaeilge a bhronnadh ar na páistí

- Comh-imeachtaí trasphobail a chothú agus a fheabhsú i gcomhar le naíscoileanna eile

- Plé le páistí agus le daoine fásta ar bhonn comhionann i dtaobh míchumais, cineáil, cine, creidimh nó tuairimí polaitiúla

- Gur ball de NIPPA (Northern Ireland Pre-School Playgroup Association) an Naíscoil agus go n-aontaímid lena gcuid aidhmeanna

- Go bhfaightear cóip iomlán de pholasaithe na Naíscoile ar iarratas

 

Cuid de na Gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl sa Naíscoil

- Cuireann leabhair, scéalta agus rainn le scileanna teanga agus cumarsáide

- Cuireann gaineamh agus uisce feabhas ar scileanna fisiciúla, sóisialta agus intleachtúla

- Cuireann marla agus créafóg rath ar scileanna fisiciúla, sóisialta agus teanga

- Cuireann an phéint scileanna cruthaitheacha, fisiciúla agus intleachtúla chun cinn

- Cuireann an cúinne baile a scileanna sóisialta, cruthaitheacha, teanga agus cumarsáide i ngíomh

- Tugann an súgradh bréagach misneach do na páistí an lamh in uachtar a fháil ar a gcuid imní

- Déanann turais amuigh agus cuairteoirí istigh na scileanna intleachtúla, teanga agus cumarsáide a chomhlíonadh

 

Naíscoile Staff 2005

Naíscoil an tSratha Báin

Eastát Bhaile Cholmáin

An Srath Bán

Tír Eoghain

BT82 9AQ

 

Guthán: (ó na 6 chontae)

028 71885388

 

(ó na 26 chontae)

048 71885388

Gaelscoil Uí Dhochartaigh

 

 

Fáilte romhaibh go Gaelscoil Uí Dhochartaigh!

 

Is scoil Ghaelach í Gaelscoil Uí Dhochartaigh ina cothaítear riachtanais iomlán na bpáistí agus na foirne – riachtanais intleachtúla, oideachasúla, mothuchána, moráltachtúla, creidbhéala agus sóisialta.

 

Bunaíodh Gaelscoil Uí Dhochartaigh i mí Mheán Fómhair 1997 le ceathrar páiste i seomra amháin i LárIonad Tréadchúram Naomh Áine ar an tSrath Bán, i ndiaidh cruinniú poiblí le Cathal Ó Donnghaile ó Ghaeloiliúint, Naíscoil an tSratha Báin agus baill de Chraobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge. Glacadh an cinneadh ag an chruinniú seo coiste úr a bhunú le Gaeloideachais a chur ar fáil ar an bhaile mhór.

 

I mí na Nollag 2000, d’fhógair Aire Oideachais na sé chontae, Mairtín Mag Aonghasa, go mbeidh aitheantas ag Gaelscoil Uí Dhochartaigh. Ba chéim thábhachtach i bhfás na scoile í seo. Go gairid ina dhiaidh sin, bhog an scoil ón LárIonad Tréadchúram Naomh Áine go suíomh in Éastat Bhaile Cholmáin, áit a bhfuil an scoile suite anois.

 

Faoi láthair, tá 120 páiste ag freastal ar an scoil agus foireann de 15. Tá Naíscoil láidir in aice na Gaelscoile a chinntíonn go mbeidh fás ar Ghaelscoil Uí Dhochartaigh go deo.

 

Cad chuige Gaeloideachas?

 

Faoi láthair, tá 32 Gaelscoil sna 6 chontae agus de réir mar atá earnáil na gealscoileanna á daingniú, tá taighde déanta ar na buntaistí a bhaineann le tumoideachais:

 

- Tuiscint agus eolas ar dhá chultúr.

- Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla.

- Scileanna chun teangacha eile a imsealbhú.

- Scileanna smaointeoireachta a fhorbairt.

- Féin-mhúinín a fhorbairt.

- Féinaithne a chinntiú.

- Deathionchar ar fhoghlaim na bpáistí.

- Seansanna deiseanna fostaíochta a fháil.

 

 

Más maith leat níos mó eolais ar Ghaeloideachas atá ar fáil ar an tSrath Bán, gabh i dteagmháil le Gaelscoil Uí Dhochartaigh ar 028 71 885388.

 

Gaelscoil Uí Dhochartaigh

Eastát Bhaile Cholmáin

An Srath Bán

Tír Eoghain

BT82 9AQ

 

Guthán: (ó na 6 chontae)

028 71885388

 

(ó na 26 chontae)

048 71885388

gaelphobal.com