Ranganna
Cuirfear tús arís le ranganna Chraobh Mhic an Chrosáin de Chonradh na Gaeilge, i nGaelscoil Uí Dhochartaigh, ar an tSrath Bán, Contae Thír Eoghain, Déardaoin 13 Eanáir.
Bíonn 6 rang ar siúl againn ag gach leibhéal do gach aon duine idir a 7.00 agus a 9.00i.n: Rang do dhaltaí meánscoile, rang do thuismitheoirí le páistí sa Naíscoil nó sa Ghaelscoil agus ceithre leibhéal eile do dhaoine fásta; rang do ghlantosaitheoirí, bunrang, meánrang agus ardrang
Bíonn ábhair ranganna na ndaoine fásta bunaithe ar an chúrsa ‘Teastas Eorpach Gaeilge’ le hOllscoil Mhá Nuad agus spreagtar foghlaimeoirí ag gach leibhéal an scrúdú is foirsteanaí dóibh a dhéanamh leis na cáilíochtaí a bhaint amach, más mian leo é sin a dhéanamh.
Chomh maith leis na ranganna tá amchlár agus clár imeachtaí á ullmhaithe ag Craobh Mhic an Chrosáin don bhliain atá romhainn agus le linn Seachtain na Gaeilge ach go háirithe, ina measc; dianchúrsaí éagsúla, Céilí Mór Dúshlánach, Oíche Filíochta, Seisiúin Cheoil, imeachtaí sóisialta agus turais chun na Gaeltachta.
Tá tuilleadh eolais faoi na ranganna seo le fáil ó Oifig Ghaelphobail,
Oifig Ghaelphobail
Aonad 1
1a Bóthar Uí Mhaoil Mhín
An Srath Bán BT82 9PP
Contae Thír Eoghain
Fón 02871883300 / 07746985399
r-phost: gaelphobal@btconnect.com
nó Seán Mór ar 07912662796